Loading

Ag dul ar saoire?

Níor chodail Seosamh go rómhaith an oíche sula raibh sé féin agus a theaghlach le dul ar saoire as siocair go raibh sé chomh tógtha sin. Bhí sé ag dúil leis an lá seo le sé mhí anuas nuair a d’inis a thuismitheoirí dó go mbeadh siad ag dul go Disney World i bPáras na Fraince ar feadh seachtaine. Bhí sé ag cur brú ar a thuismitheoirí dul ar saoire ansin ó bhí Mí Eanáir ann nó b’shin an t-am ar thosaigh siad ag smaoineamh ar shaoire an tsamhraidh gach bliain.

Bhí sé ag foghlaim na Fraincise le bliain anuas ó thosaigh sé ag freastal ar Choláiste na Cathrach agus bhí sé ag tnúth go mór le deis a bheith aige a chuid Fraincise a úsáid. Léigh sé alt sa nuachtán cúpla mí roimhe sin faoina oiread cuairteoirí a théann thar sáile ar saoire gan focal ar bith de theanga na tíre a bheith ar eolas acu. Shíl Seosamh nach raibh seo cothrom ar chor ar bith. Chuir sé fearg air nach dtiocfadh le daoine cúpla focal a fhoghlaim de theanga na tíre a raibh sé ar intinn acu cuairt a thabhairt uirthi. Ní bheadh de dhíth ach leithéidí, ‘maidin mhaith’, ‘cé mhéad atá air sin?’, ‘cá bhfuil an leithreas?’, ‘go raibh maith agat’, ‘oíche mhaith’, ‘ba mhaith liom buidéal cóc le do thoil’ agus frásaí beaga simplí den chineál sin. Bhí rún aige an oiread Fraincise agus a thiocfadh leis a labhairt agus é ar saoire sa Fhrainc.

Turas leathuair an chloig a bhí ann chuig Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste agus, i ndiaidh do Dhaidí Sheosaimh a chinntiú go raibh an leictreachas múchta agus na doirse uilig curtha faoi ghlas, d’imigh siad ar a mbealach chun an aerfoirt. Isteach leo san aerfort agus tríd an deasc bagáiste agus an chóras slándála agus faoi dheireadh chuig an gheata imeachta. Bhí uair an chloig le fanacht acu sula raibh an t-eitleán go Páras le himeacht. Tháinig agus d’imigh an uair an chloig sin, tháinig agus d’imigh ceann eile, agus ceann eile fosta. Bhí daoine ag éirí míshuaimhneach. Ansin, tháinig fógra aníos ar na scáileáin fógraí uilig a bhí thart faoin aerfort. Tubaiste! De réir na nuachta, bhí brúchtadh bolcáin san Íoslainn agus ní raibh cead ag eitleán ar bith dul suas san aer mar gheall ar scamall luaithrigh a bhí ag teacht ón bholcán agus a bhí ar foluain sa spéir os cionn na hÉireann. Ní raibh barúil acu cá huair a bheadh an scamall luaithrigh imithe. Dúradh le gach duine dul abhaile agus scairt a chur ar an aerfort gach lá.

Bhí Seosamh ag éirí bheith dearfach agus dúirt sé leis féin, “Beidh cúpla lá eile agam anois le tuilleadh Fraincise a fhoghlaim – ar dtús gheobhaidh mé amach an dóigh le scamall luaithrigh a rá sa Fhraincis!”

Credits:

Created with an image by Pexels - "volcanic eruption ash cloud dramatic"